Oireachtas na Mac Léinn 2026
Beidh AMLÉ ag reáchtáil ‘Oireachtas na Mac Léinn’ idir 6-8 Feabhra 2026 i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh
Tá an t-imeacht oscailte do gach mac léinn agus oifigeach a bhfuil a nAontas mar bhalleagraíocht d’AMLÉ. Tá spásanna teoranta, mar sin bí cinnte clárú go luath. Dúnfar an chéad bhabhta den chlárúchán ar an 19 Eanáir. Ina dhiaidh sin, tabharfar spásanna breise do bhalleagraíochtaí de réir éilimh.
Sa chéad bhabhta den chlárúchán, iarrtar ar bhalleagraíochtaí meánacha/móra (breis is 10,000 mac léinn) cúig ainm a líonadh sa scarbhileog seo.
Iarrtar ar bhalleagraíochtaí beaga trí (níos lú ná 10,000 mac léinn) trí ainm a líonadh. Feicfear tuilleadh treoracha ar an scarbhileog.
Beidh costas €100 ar gach duine atá ag freastal (seachas Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, a íocfaidh €50 in aghaidh an mhic léinn). Áirítear sa táille seo lóistín Dé hAoine an 6 Feabhra agus Dé Sathairn an 7 Feabhra chomh maith le bricfeasta, lón, agus dinnéar ar an Satharn agus bricfeasta agus lón Dé Domhnaigh.
Le linn an imeachta, beidh ceardlanna agus cainteanna ar siúl, chomh maith le seisiúin a dhíreoidh ar fhorbairt bheartais. Tabhair faoi deara go rithfear formhór an imeachta trí Ghaeilge. Reáchtálfar cúpla seisiún as Béarla chomh maith ar mhaithe leis na haíonna idirnáisiúnta a bheidh againn ó náisiúin Cheilteacha eile.
Tosóidh an t-imeacht ag a 4 a chlog Dé hAoine, an 6ú Feabhra, agus críochnóidh sé ar a 2 a chlog Dé Domhnaigh, an 8 Feabhra. Beidh an clár ama iomlán ar fáil go luath.
Má bhíonn aon cheisteanna agat, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig gaeilge@amle.ie. Bí páirteach sa phlé ag an imeacht ar leith seo!