'AMLÉ' (Aontas na Mac Léinn in Éirinn) is the new name for the Union of Students in Ireland. It's a direct translation.
Tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) ag dul i dtaithí ar ghéarchéim lóistín na hÉireann arís i mbliana. Cé go mbíonn mic léinn ag súil le tairiscintí CAO agus filleadh ar an bhfoghlaim, tá constaic le sárú acu ar dtús. Tá Aontais na Mac Léinn ar fud na tíre ag dul i muinín “Digs Drives” a reáchtáil, agus tá siad ag labhairt le daoine ina gceantar áitiúil agus ag súil go mbeidh seomra beag sa mbreis acu ar féidir tabhairt do mhac léinn an bhliain acadúil seo.
Is fadhb í an ghéarchéim lóistín a théann i bhfeidhm ar gach Institiúid Ardoideachais ar fud na hÉireann. Thuairiscigh institiúidí tríú leibhéal timpeall na tíre go bhfuil deacrachtaí suntasacha ag a mic léinn mar níl loistín ar fáil do mhic léinn atá inbhuanaithe agus inacmhainne.
In Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne: Lár Tíre, bhraith 1 as gach 8 mac léinn na hollscoile ar “digs”. In ainneoin sin, níl aon chonradh ag 72% díobh siúd atá ina gcónaí i “digs” lena dtiarna talún, rud a chiallaíonn gur féidir iad a chaitheadh amach as an teach ar fhógra lae.
In Ollscoil na Gaillimhe, deir 78% de mhic léinn go raibh deacrachtaí acu lóistín a fháil.
In Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, tá 62% de mhic léinn ag obair níos mó ná 11 uair sa tseachtain, agus in ainneoin sin, níl an dóthain airgid ag 35% de mhic léinn chun a gcostais sheachtainiúla a chlúdach.
Deir Leas Uachtarán um Leasa AMLÉ, Emma Monahan “Tá géarchéim lóistín na mac léinn ag dul i bhfeidhm ar mhic léinn ar fud na tíre i gcónaí, rud a chiallaíonn go mbíonn níos mó mac léinn ag taisteal isteach agus amach ar feadh uaireanta fada, tá siad ag obair go lánaimseartha leis na costais is bunúsaí a chlúdach agus níl siad in ann sult a bhaint as saol na mac léinn mar is ceart agus iad i mbun staidéir. Níor chóir go mbeadh aon mhac léinn ar an oileán buartha faoina n-áit chodlata mar níl lóistín sábháilte acu le fanacht acu thar oíche. Iarraimid in AMLÉ ar gach úinéir tí aon sheomra sa mbreis atá acu sa teach a chur ar fáil do mhic léinn .”
Deir Uachtarán AMLÉ Bryan O’Mahony “Tá níos mó i gceist le géarchéim lóistín na mac léinn in Éirinn ná uimhreacha amháin — baineann sé le dhaoine óga a bhfuil roghanna deacra os a gcomhair gach lá. Is bac eile fós é atá curtha os comhair na mac léinn atá ag iarraidh tabhairt faoin ardoideachas. Trí sheomra breise a chur ar fáil, is féidir le húinéirí tí difríocht chumhachtach a dhéanamh, spás a iompú ina thearmann do mhac léinn agus dóchas a thabhairt dóibh i dtodhchaí a n-ardoideachais .”
Le tuilleadh eolais a fháil nó fiosrúcháin ó na meáin, déan teagmháil le:
Aontas na Mac Léinn in Éirinn Ríomhphost: president@amle.ie Fón: +353 086 033 3942 Suíomh Idirlín: www.amle.ie